Bain leas as gnáthóga fabhrach do phailneoirí agus gnáthóga mara a chosaint mar chomhthéacsanna agus tú ag múineadh faoi nithe beo

This resource is also available in English and Welsh

Cén chaoi a bhféadfaimis pobail beach a spreagadh le fás? Cén chaoi a gcosnóimis ár n-aigéin? Tugtar smaointe faoi chomhthéacs na hinbhuanaitheachta sa ghréasán topaicí seo chomh maith le moltaí faoi ghníomhaíocht ranga a chabhródh le múineadh faoi nithe beo agus a ngnáthóga do dhaltaí atá 4–7 mbliana d’aois. Fiosraigh na cineálacha plandaí a mheallann feithidí pailnithe, nó déan taighde ar an ngnáthóg is fearr le haghaidh turtair mhara agus ar na bagairtí a bhíonn le sárú acu.

Mínítear an eolaíocht chúlra i ngach gréasán, déantar cur síos ar an gcaoi a mbíonn eolaithe ag obair sa réimse seo, agus moltar bealaí chun é sin a fhiosrú sa seomra ranga.

An gréasán topaicí seo a úsáid

Is cuid dár sraith Comhthéacsanna inbhuanaitheachta le haghaidh theagasc eolaíocht na bunscoile í an acmhainn seo. Tá 20 gréasán topaicí sa tsraith a ceapadh chun cabhrú leat do theagasc curaclaim reatha a nascadh le ceisteanna inbhuanaitheachta.

Foghlaim níos mó faoin gcaoi le leas a bhaint as an ngréasán topaicí seo i do theagasc.

Gréasán topaicí 1: Cosán na bhfeithidí ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht

Céard í eolaíocht na topaice seo?

Is í an bhithéagsúlacht leabharlann na beatha: na hainmhithe agus na plandaí a mhaireann thart timpeall orainn. Agus an bhithéagsúlacht ag feabhsú, bíonn níos mó speiceas agus aeráid níos seasmhaí ann. Cabhraíonn pailneoirí, ar nós beach agus féileacán, linn bia a fhás agus is cuid ríthábhachtach den bhithéagsúlacht iad. Tá a ngnáthóga i mbaol faraor mar gheall ar fhorbairtí tógála nua agus talamh feirme. Cabhraíonn gnáthóga nua a chruthú le níos mó pailneoirí a spreagadh sa cheantar áitiúil, rud a dhéanann leas don bhithéagsúlacht.

Cén cur chuige atá ag na heolaithe ina leith?

Rianaíonn eolaithe treochtaí pobal na mbeach ar fud an domhain. Bíonn siad i mbun taighde freisin ar an gcaoi le húsáid lotnaidicídí ar bharra a laghdú chun pobail beach a spreagadh. Léiríodh i dtionscadal taighde amháin go bhféadfaí níos mó barr a fhás trí stráice bláthanna fiáine a chur ar thalamh feirme mar go mealltar níos mó pailneoirí ansin, rud a chabhraíonn leis an mbia fás. Méadaíonn sé sin an pobal beach agus tuilleann feirmeoirí níos mó airgid.

Cén chaoi a bhféadfaí é seo a fhiosrú sa seomra ranga?

  • Iarr ar na foghlaimeoirí machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaidís cur le cosán na bhfeithidí trí fhoghlaim faoi na gnáthóga is cuí do na beacha agus ansin iad sin a chruthú ar thalamh na scoile.
  • D’fhéadfaí cabhrú leis na foghlaimeoirí sonraí a bhailiú agus a thaifeadadh trí ‘leabharlann beatha’ na n-ainmhithe agus na bplandaí a fheiceann siad ar scoil a chruthú. D’fhéadfaí cairteacha scóir agus póstaeir faisnéise a chruthú ar a mbeadh sonraí faoi na hainmhithe agus a ngnáthóga.
  • Bheadh na foghlaimeoirí in ann na plandaí a shainaithint agus a rangú, trí thaighde a dhéanamh agus breathnú ar na plandaí is fearr a mheallann beacha. Pléigh tábhacht na bpailneoirí leo agus fiafraigh díobh an eitlíonn na beacha i dtreo na gcrann nó i dtreo na mbláthanna. Cén chúis atá leis sin, dar leo?
  • Is féidir gníomhú ach stráice bláthanna fiáine a chur agus óstáin na mbeach a thógáil i rith na n-amharcealaíon.
  • Iarr ar na foghlaimeoirí breathnú le himeacht aimsire tríd an stráice a athbhreithniú cúpla seachtain nó cúpla mí níos deireanaí. An bhfuil níos mó pailneoirí ann anois?
  • D’fhéadfaí nascadh leis an uimhearthacht ach iarraidh ar na foghlaimeoirí breathnú ar an gcaoi a mbíonn beacha i mbun cumarsáide le damhsa croite agus é sin a nascadh le teanga shuímh agus threo, agus iad ag tabhairt treoracha dá chéile. Laistigh de TFC, féadfaidh na foghlaimeoirí Beebots a chódú chun bogadh thart agus áit chónaithe nua a aimsiú.
  • Téigh i dteagmháil le cumann áitiúil na mbeachairí agus iarr ar bheachaire díograiseach labhairt leis na foghlaimeoirí faoin dúil mhór atá acu sa bheachaireacht.

Gnáthóga; ag breathnú le himeacht aimsire; sonraí a bhailiú agus a láimhsiú; TFC; na hamharcealaíona; uimhearthacht

Gréasán topaicí 2: Marine habitats under threat

Céard í eolaíocht na topaice seo?

Tá thart ar 71% de dhromchla na cruinne faoin aigéan. Is é an ghnáthóg is mó ar domhan é. Tá an ghnáthóg mhara sin lán le beathra, ó mhíolta móra agus turtair go sceireacha coiréil, bundúin leice agus algaí, agus iad ar fad ag maireachtáil i gcothromaíocht bhithéagsúlachta a d’éabhlóidigh go cruinn. Ráiníonn níos mó agus níos mó plaisteach san aigéan faraor. Itheann ainmhithe an plaisteach freisin, mar go gceapann siad gur bia é. Maraítear ainmhithe dá bharr, agus laghdaítear a bpobail.

Cén cur chuige atá ag na heolaithe ina leith?

Forbraíonn eolaithe léargas ar aistear na bplaisteach trí obair allamuigh a dhéanamh chun samplaí a bhailiú ón bhfarraige. Déanann siad anailís ansin ar na samplaí sin i saotharlann chun a fháil amach cérbh as dóibh. D’fhéadfadh eolaithe cur le feachtais, mar shampla, chun cosc a chur ar mhicreaphlaistigh i sciomradh aghaidhe. Forbraíonn siad teicneolaíocht nua, mar shampla, chun bac a chur ar mhicreashnáithíní in éadach dul ó mheaisíní níocháin go dtí an t-aigéan nó chun teacht ar mhiocróib atá in ann plaisteach a dhianscaoileadh!

Cén chaoi a bhféadfaí é seo a fhiosrú sa seomra ranga?

  • Léigh an leabhar ‘Somebody Swallowed Stanley’ leis na foghlaimeoirí. An féidir leo a scéal féin a scríobh faoi aistear an phlaistigh ón siopa go dtí an fharraige? Breathnaigh ar léarscáil den cheantar áitiúil leis na foghlaimeoirí agus féachaigí an bhfuil abhainn ann a sheolfadh plaisteach chun na farraige. Cén chaoi eile a rachadh sé ann?
  • Iarr ar na foghlaimeoirí taighde a dhéanamh ar thurtair mhara, ar a ngnáthóg mhara agus ar an mbia a itheann siad. Léirigh dóibh an chaoi a bhféadfadh málaí plaisteacha breathnú cosúil le smugairlí róin san uisce agus mínigh go maraítear go leor turtair mhara dá bharr.
  • Taifead sonraí trí iarraidh ar an foghlaimeoirí an úsáid a bhaineann siadsan as málaí plaisteacha a rianú ar feadh seachtaine agus meastóireacht a dhéanamh ar a dtorthaí. Pléigh roghanna eile: an bhféadfaidís seanmhála plaisteach nó mála droma a úsáid ina áit? An raibh siad ag líonadh an mhála phlaistigh le níos mó plaisteach aonúsáide? An bhfeiceann siad plaisteach ar na sráideanna thart ar an scoil? An bhféadfadh go bhfuil an plaisteach ag dul i bhfeidhm ar ainmhithe eile?
  • Tosaigh feachtas, cosúil le heolaí, trí thaighde a roinnt ar phóstaeir faisnéise chun daoine eile a spreagadh lena ndramhaíl phlaisteach a laghdú.
  • Eagraigh bailiúchán bruscair sa cheantar áitiúil. D’fhéadfadh na foghlaimeoirí na sonraí a chur le chéile, agus iad a chur i láthair arphicteagram nó barraghraf.

Gnáthóga; ag breathnú le himeacht aimsire; ábhair; taighde agus cur i láthair a dhéanamh ar thorthaí; litearthacht, tíreolaíocht; sonraí a thaifeadadh agus a láimhsiú

Bain leas as na hacmhainní breise seo freisin