Bain leas as truailliú i dtimthriall an uisce agus an chaoi a n-úsáidfimis níos lú uisce mar chomhthéacsanna agus tú ag múineadh faoi athruithe séasúracha

This resource is also available in English and Welsh

Cén chaoi a dtéann truailliú i bhfeidhm ar an teacht a bhíonn ag daoine ar uisce glan? Cé mhéad uisce a úsáidimid gach lá agus cén chaoi a bhféadfaimis é a laghdú? Tugtar smaointe faoi chomhthéacs na hinbhuanaitheachta sa ghréasán topaicí seo chomh maith le moltaí faoi ghníomhaíocht ranga a chabhródh le múineadh faoi uisce agus timthriall an uisce do dhaltaí atá 7–9 mbliana d’aois. Faigh meastachán ar an méid uisce a úsáideann tú, nó fiosraigh truailliú i dtimthriall an uisce agus an chaoi a bhféadfá uisce salach a ghlanadh.

Mínítear an eolaíocht chúlra i ngach gréasán, déantar cur síos ar an gcaoi a mbíonn eolaithe ag obair sa réimse seo, agus moltar bealaí chun é sin a fhiosrú sa seomra ranga.

An gréasán topaicí seo a úsáid

Is cuid dár sraith Comhthéacsanna inbhuanaitheachta le haghaidh theagasc eolaíocht na bunscoile í an acmhainn seo. Tá 20 gréasán topaicí sa tsraith a ceapadh chun cabhrú leat do theagasc curaclaim reatha a nascadh le ceisteanna inbhuanaitheachta.

Foghlaim níos mó faoin gcaoi le leas a bhaint as an ngréasán topaicí seo i do theagasc.

Gréasán topaicí 1: An chaoi a dtéann truailliú i bhfeidhm ar thimthriall an uisce

Céard í eolaíocht na topaice seo?

Tá go leor rudaí in ann dul i bhfeidhm ar thimthriall an uisce agus ar an teacht a bhíonn ag an gcine daonna ar uisce glan. Tá truailliú ar cheann acu siúd. Cé go gclúdaíonn uisce 70% den Domhan, níl ach 3% ina uisce úr agus tá níos lú ná 1% de sin réidh le húsáid ag daoine. Tá go leor truailleán in ann dul i bhfeidhm ar chaighdeán an uisce, ina measc rith chun srutha talmhaíochta, rith chun srutha stoirme agus astaíochtaí feithiclí. Níl teacht fós ag na billiúin daoine ar uisce glan.

Cén cur chuige atá ag na heolaithe ina leith?

Tá eolaithe in ann monatóireacht a dhéanamh ar leibhéil na n-ábhar orgánach in uisce óil agus dramhuisce chun a chinntiú go bhfuil an t-uisce inár sconnaí sábháilte le hól. D’fhorbair innealtóirí NASA córas íonúcháin a athchúrsálann aer agus uisce ar an stáisiún spáis. Úsáideadh an ardteicneolaíocht sin i dtíortha i mbaol chomh maith chun an teacht atá ag daoine ar uisce glan a fheabhsú.

Cén chaoi a bhféadfaí é seo a fhiosrú sa seomra ranga?

  • D’fhéadfadh na foghlaimeoirí a scileanna taighde thánaistigh a fhorbairt trí fhoghlaim faoi thruailliú agus scagadh uisce, chomh maith le foghlaim faoin teacht atá ag daoine ar uisce i dtíortha difriúla.
  • D’fhéadfadh foghlaimeoirí gabhdáin a fhágáil taobh amuigh in áiteanna difriúla chun uisce báistí a bhailiú ar feadh seachtaine nó míosa. D’fhéadfaidís breathnú ar a mbailítear sna gabhdáin dhifriúla agus an t-uisce sin a chur i gcomparáid le huisce glan.
  • D’fhéadfadh na foghlaimeoirí an t-uisce sin a úsáid, nó meascán ina bhfuil ábhair dhifriúla ar nós gainimh agus ithreach, chun iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí na hábhair a scaradh chun an t-uisce ‘a ghlanadh’. Tabhair réimse trealaimh dóibh, ar nós criathar, scagpháipéir, tonnadóirí, srl., agus abair leo go bhfuil dúshlán le sárú acu: an t-uisce ‘a ghlanadh’.
  • Áirítear leis na scileanna litearthachta scríobh faoin bpróiseas a bhaineann leis an meascán a scaradh. D’fhéadfadh na foghlaimeoirí póstaer áititheach a chruthú chun eolas a thabhairt faoi dhaoine nach bhfuil teacht acu ar uisce glan óil. Áirítear leis na naisc thraschuraclaim le haghaidh OSPS foghlaim faoi obair carthanas ar nós Water Aid.
  • Bheadh leabhair éagsúla áisiúil, ar nós ‘The Drop in my Drink’ le Meredith Hooper agus ‘The Rhythm of the Rain’ le Grahame Baker- Smith. D’fhéadfadh na foghlaimeoirí greannáin a chruthú chun aistear an uisce a léiriú, an áit a bhféadfadh truailleáin dul isteach san uisce ina measc.

Taighde agus breathnú; litearthacht; staideanna na n-ábhar; timthriall an uisce; substaintí a scaradh; gnáthóga; an Domhan agus an spás, SPHE

Gréasán topaicí 2: An chaoi ar féidir linn uisce a spáráil

Céard í eolaíocht na topaice seo?

Úsáideann gach duine in Éirinn thart ar 133 lítear uisce ar an meán in aghaidh an lae. Ach tá na billiúin daoine ar fud na cruinne nach bhfuil teacht acu fós ar uisce glan. Tá níos mó tuilte agus triomaigh ar fud an domhain ag eascairt as an athrú aeráide. Faoi 2025, d’fhéadfadh dhá thrian de dhaonra an domhain a bheith i mbaol ganntanas.

Cén cur chuige atá ag na heolaithe ina leith?

Dearadh go leor nuálaíochtaí le blianta beaga anuas chun cabhrú le daoine a n-úsáid uisce a thuiscint agus a laghdú. Bíonn ar theaghlaigh táille a íoc má úsáideann siad an iomarca uisce agus is féidir cúnamh a fháil chun sceitheadh uisce a dheisiú agus uisce a spáráil. Bíonn eolaithe ag tástáil uisce freisin chun a chinntiú go bhfuil sé sábháilte do dhaoine le húsáid.

Cén chaoi a bhféadfaí é seo a fhiosrú sa seomra ranga?

  • Iarr ar na foghlaimeoirí smaoineamh faoi na húsáidí difriúla a bhaintear as uisce agus cén gníomh a ídíonn an méid is mó uisce. D’fhéadfaidís trí chatagóir a phlé: sa bhaile, i dtalmhaíocht agus i dtionscal. D’fhéadfaidís a scileanna taighde a fhorbairt trí fhoghlaim faoin úsáid a bhaintear as uisce i dtalmhaíocht agus i dtionscal.
  • Iarr ar na foghlaimeoirí a thuar cé mhéid uisce a úsáideann an gnáthdhuine in Éirinn gach lá. D’fhéadfaí é sin a thaispeáint le buidéal dhá lítear; fiafraigh díobh cé mhéad acu sin a cheapann siad a líonfaí. Cuir é sin i gcomparáid le duine i dtír ina bhfuil an t-uisce níos teoranta.
  • D’fhéadfadh na foghlaimeoirí a scileanna breathnaithe agus tomhais a fhorbairt, chomh maith le sonraí a thaifeadadh agus a léirmhíniú chun an méid uisce a úsáideann siad i gcaitheamh an lae a iniúchadh. D’fhéadfaidís cairt scóir a chruthú agus a úsáid chun taifead a dhéanamh ar an méid uaireanta a níonn siad a lámha/a líonann siad a mbuidéal uisce/a úsáideann siad an cithfholcadh agus an leithreas, srl. D’fhéadfaí sonraí reatha a thabhairt chun cabhrú leo an méid uisce a úsáideann siad a ríomh.
  • D’fhéadfaidís bealaí a mheas chun uisce a spáráil sa bhaile agus póstaer a dhearadh chun áitiú ar a dteaghlaigh a n-úsáid uisce a laghdú.

Breathnú; tomhas; sonraí a thaifeadadh agus a léirmhíniú; taighde tánaisteach; litearthacht; timthriall an uisce

Bain leas as na hacmhainní breise seo freisin