Bain leas as plaistigh a shórtáil le haghaidh athchúrsála agus plaistigh a leá le haghaidh úsáidí nua mar chomhthéacsanna agus tú ag múineadh faoi ábhair

This resource is also available in English and Welsh

Cén chaoi a gcinnteoimis go n-athchúrsáiltear ár ndramhaíl phlaisteach? An leánn plaistigh? Tugtar smaointe faoi chomhthéacs na hinbhuanaitheachta sa ghréasán topaicí seo chomh maith le moltaí faoi ghníomhaíocht ranga a chabhródh le múineadh faoi ábhair do dhaltaí atá 7–9 mbliana d’aois. Fiosraigh cineálacha difriúla plaisteach agus an féidir iad a athchúrsáil nó nach féidir, nó foghlaim faoin gcaoi ar féidir plaistigh a leá agus a athmhúnlú le haghaidh úsáidí nua.

Mínítear an eolaíocht chúlra i ngach gréasán, déantar cur síos ar an gcaoi a mbíonn eolaithe ag obair sa réimse seo, agus moltar bealaí chun é sin a fhiosrú sa seomra ranga.

An gréasán topaicí seo a úsáid

Is cuid dár sraith Comhthéacsanna inbhuanaitheachta le haghaidh theagasc eolaíocht na bunscoile í an acmhainn seo. Tá 20 gréasán topaicí sa tsraith a ceapadh chun cabhrú leat do theagasc curaclaim reatha a nascadh le ceisteanna inbhuanaitheachta.

Foghlaim níos mó faoin gcaoi le leas a bhaint as an ngréasán topaicí seo i do theagasc.

Gréasán topaicí 1: Plaistigh a shórtáil le haghaidh athchúrsála

Céard í eolaíocht na topaice seo?

Tá go leor buntáistí ag baint leis an bplaisteach, go háirithe mar go bhfuil sé éadrom, inmharthana agus solúbtha. Ach tá go leor cineálacha plaisteach ann, agus bíonn sé níos deacra iad a shórtáil agus a athchúrsáil ná ábhar eile mar gheall air sin. Níl formhór na bplaisteach in-bhithmhillte agus tógann sé blianta fada air meath. Gach bliain, téann thart ar ocht milliún tonna de dhramhaíl phlaisteach isteach sna haigéin. Féadann ainmhithe dul i bhfostú sa phlaisteach, nó é a ithe, agus faigheann go leor bás dá bharr.

Cén cur chuige atá ag na heolaithe ina leith?

In 2016, tháinig eolaithe sa tSeapáin ar einsím atá in ann plaisteach ar leith a bhriseadh síos, plaisteach a úsáidtear go minic chun buidéil agus gabhdáin bia a dhéanamh. Tá taighdeoirí sa Ríocht Aontaithe tar éis bealaí nua a fhorbairt chun bithphlaistigh a athchúrsáil ina dtáirgí nua. Tá comhlachtaí ar nós Tetra Pak ag forbairt pacáistiú inbhuanaithe ó ábhar plandabhunaithe.

Cén chaoi a bhféadfaí é seo a fhiosrú sa seomra ranga?

  • Tabhair cineálacha difriúla plaisteach do na foghlaimeoirí. Iarr orthu na plaistigh a shainaithint agus a ghrúpáil de réir a n-airíonna agus plé a dhéanamh ar cé acu is féidir a athchúrsáil. D’fhéadfaidís taighde a dhéanamh ar cé na plaistigh is mó a athchúrsáiltear, céatadán na bplaisteach sin a athchúrsáiltear gach bliain agus cé mhéid bliain a thógann sé ar gach cineál plaistigh lobhadh. D’fhéadfaidís é sin a chur i gcomparáid leis an bhfad ama a thógann sé ar ábhar eile, ar nós páipéir, lobhadh. D’fhéadfaidís breathnú ar a lorg plaisteach féin freisin.
  • Taispeáin suíomh gréasáin Tetra Pak do na foghlaimeoirí agus iarr orthu dúshláin na hathchúrsála a fhiosrú. D’fhéadfaí a fhiosrú cé mhéid earraí Tetra Pak a úsáidtear trína gcur i mboscaí bruscair ar leith ar feadh seachtaine. D’fhéadfaí an rannóg ‘Recycle at School’ den suíomh a fhiosrú, áit a bhfuil quizeanna agus fíricí spraíúla chun tuiscint na bhfoghlaimeoirí ar athchúrsáil plaisteach a fhorbairt. Úsáid an suíomh gréasáin MyWaste chun iniúchadh a dhéanamh ar scéimeanna réigiúnacha difriúla chun pacáistiú a bhailiú agus a athchúrsáil.
  • D’fhéadfadh na foghlaimeoirí a scileanna litearthachta a fhorbairt le díospóireacht faoi phlaisteach aonúsáide nó an cháin ar phlaisteach. Sin nó d’fhéadfaidís scríbhneoireacht áititheach a úsáid chun daoine a spreagadh leis an méid plaisteach a úsáideann siad a laghdú.

Nithe beo agus a ngnáthóga; litearthacht; ábhair; taighde a dhéanamh le foinsí tánaisteacha

Gréasán topaicí 2: Plaistigh a leá agus a athmhúnlú le haghaidh úsáidí nua

Céard í eolaíocht na topaice seo?

Is polaiméirí iad plaistigh lena mbaineann go leor cineálacha comhdhéanaimh cheimicigh. Dá bharr sin, bíonn roinnt plaisteach éasca le leá ach bíonn sé beagnach dodhéanta é sin a dhéanamh le plaistigh eile. Chomh maith leis sin, tá déantúsaíocht na bplaisteach ag cruthú go leor dúshláin mhóra chomhshaoil. Déantar formhór na bplaisteach as ceimiceáin a thagann ó bhreoslaí iontaise a chuireann le hastaíochtaí dé-ocsaíde carbóin.

Cén cur chuige atá ag na heolaithe ina leith?

Ar fud na hÉireann, soláthraíonn gach údarás áitiúil bailiú plaisteach chun iad a athchúrsáil. Dá bharr sin, bíonn sé níos éasca don phobal a ndramhaíl phlaisteach a athchúrsáil. Ach ní dhéantar athchúrsáil ach ar roinnt táirgí plaisteacha faoi na cláir sin. Tá eolaithe ag forbairt plaistigh nua atá níos éasca le hathchúrsáil, agus ag cuardach bealaí níos éifeachtaí leis na plaistigh atá ann faoi láthair a athchúrsáil. Tá nuálaithe áirithe ag forbairt bithphlaisteach a dhéantar as barra plandaí chun ábhair a chruthú atá níos báúla don chomhshaol.

Cén chaoi a bhféadfaí é seo a fhiosrú sa seomra ranga?

  • D’fhéadfadh na foghlaimeoirí a scileanna taighde a fhorbairt trí fhéachaint ar fhíseáin agus taighde a dhéanamh ar an bpróiseas a bhaineann le plaistigh a leá chun iad a athmhúnlú agus a athúsáid. D’fhéadfaidís tuar a dhéanamh faoi phointí leá plaisteach agus ábhar eile.
  • Tabhair earraí difriúla do na foghlaimeoirí a rinneadh as buidéil phlaisteacha athchúrsáilte (nó taispeáin íomhánna d’earraí mar sin dóibh). D’fhéadfaí buidéil phlaisteacha a athúsáideadh a thaispeáint chun an chaoi ar leádh agus ar athmhúnlaíodh iad a léiriú. D’fhéadfadh plé faoin bpróiseas athchúrsála eascairt as sin. D’fhéadfadh na foghlaimeoirí féachaint ar fhíseáin agus taighde a dhéanamh ar na céimeanna difriúla a bhaineann le buidéil phlaisteacha a athchúrsáil.
  • Má tá trealamh nó dromchlaí i gclós na scoile a rinneadh as plaistigh athchúrsáilte, d’fhéadfadh na foghlaimeoirí na hábhair athchúrsáilte i dtimpeallacht na scoile a fhiosrú.
  • D’fhéadfadh na foghlaimeoirí a scileanna matamaitice a fhorbairt trí phointí leá na bplaisteach a aimsiú. D’fhéadfaidís iad sin a chur i gcomparáid le solaid eile, solaid a d’fhéadfaidís a leá sa rang ina measc ar nós seacláide nó ime. D’fhéadfaidís na sonraí a thaifeadadh ar bharrachairt. D’fhéadfaidís a scileanna litearthachta a úsáid chun cuntas a scríobh ar aistear buidéil phlaistigh a leádh agus a athmhúnlaíodh chun táirge nua a chruthú.

Staideanna na n-ábhar; matamaitic; ábhair; taighde le foinsí tánaisteacha; sonraí a láimhsiú; litearthacht

Bain leas as na hacmhainní breise seo freisin