Bain leas as athchúrsáil agus an méid bruscair a chruthaítear ar scoil mar chomhthéacsanna agus tú ag múineadh faoi ábhair

This resource is also available in English and Welsh

Cén chaoi a rangaímis ábhair le haghaidh athchúrsála? Cén chaoi a bhféadfaimis a thomhas cé mhéad bruscair a chruthaímid ar scoil? Tugtar smaointe faoi chomhthéacs na hinbhuanaitheachta sa ghréasán topaicí seo chomh maith le moltaí faoi ghníomhaíocht ranga a chabhródh le múineadh faoi ábhair do dhaltaí atá 4–7 mbliana d’aois. Fiosraigh ábhair a athchúrsáil agus éadaí a uaschúrsáil, nó iniúch an méid agus na cineálacha dramhaíola a chruthaítear ar scoil.

Mínítear an eolaíocht chúlra i ngach gréasán, déantar cur síos ar an gcaoi a mbíonn eolaithe ag obair sa réimse seo, agus moltar bealaí chun é sin a fhiosrú sa seomra ranga.

An gréasán topaicí seo a úsáid

Is cuid dár sraith Comhthéacsanna inbhuanaitheachta le haghaidh theagasc eolaíocht na bunscoile í an acmhainn seo. Tá 20 gréasán topaicí sa tsraith a ceapadh chun cabhrú leat do theagasc curaclaim reatha a nascadh le ceisteanna inbhuanaitheachta.

Foghlaim níos mó faoin gcaoi le leas a bhaint as an ngréasán topaicí seo i do theagasc.

Gréasán topaicí 1: Laghdaigh, athúsáid, athchúrsáil

Céard í eolaíocht na topaice seo?

De réir mar a fhásann daonra na cruinne, fásann ídiú acmhainní na cruinne freisin. Cuirtear na hacmhainní sin agus fuinneamh amú nuair a chaitear rudaí amach. Bíonn tionchar mór aige ar an gcomhshaol freisin. Tá dramhaíl nach bhfuil in-bhithmhillte agus nach n-athchúrsáiltear ag líonadh na n-aigéan agus láithreáin líonta talún. Bíonn drochthionchar aige sin ar an bhfiadhúlra, ar an timpeallacht nádúrtha agus ar an tsláinte phoiblí.

Cén cur chuige atá ag na heolaithe ina leith?

Bíonn taighdeoirí de shíor ag cuardach bealaí chun an próiseas athchúrsála a fheabhsú. Tá teicneoirí anailíse ag forbairt bealaí le struchtúr plaisteach a athrú ionas go mbeidís in-bhithmhillte sa timpeallacht nádúrtha. Tá spriocanna athchúrsála leagtha amach ag an rialtas freisin le haghaidh plaisteach agus ábhair eile. Táan t-ordlathas acmhainní áisiúil mar léiriú ar an gcaoi le tabhairt faoi úsáid agus diúscairt acmhainní in ord tosaíochta.

Cén chaoi a bhféadfaí é seo a fhiosrú sa seomra ranga?

  • D’fhéadfadh na foghlaimeoirí taighde a dhéanamh le foinsí tánaisteacha trí fhéachaint ar fhíseáin agus foghlaim faoin mana Laghdaigh, athúsáid, athchúrsáil. D’fhéadfaidís ábhair (m.sh. gloine, plaisteach, páipéar) a shainaithint, a rangú agus a shórtáil, agus a shonrú ar cheart iad a laghdú, a athúsáid nó a athchúrsáil.
  • Meas bealaí le hábhair a athúsáid trí fhéachaint ar íomhánna agus ar earraí ‘uaschúrsáilte’ (.i. earraí a athúsáideadh ar bhealach cruthaitheach). Iarr ar na foghlaimeoirí smaoineamh ar a n-éadaí agus cuir tús le plé ar an téarma ‘Mearfhaisean.’ Fiosraigh a bhfuil i gceist leis trí fhíseáin agus taighde. D’fhéadfaidís foghlaim faoin gcaoi a mbíodh daoine sna blianta atá caite ag déanamh agus ag deisiú a n-éadaí féin go minic, nó ag baint athearraíocht astu (.i. ag teacht ar chuspóirí eile dóibh).
  • D’fhéadfadh na foghlaimeoirí ‘scéal’ a n-éadaí a mheas trí na lipéid a úsáid chun ábhar agus foinsí a iniúchadh. D’fhéadfaidís cuimhneamh ar a ndéanann siad lena n-éadaí nuair nach gcaitheann siad níos mó iad. D’fhéadfadh na foghlaimeoirí machnamh a dhéanamh ar airíonna an ábhair a fhágann go bhfuil sé oiriúnach do chuspóir faoi leith. D’fhéadfadh na foghlaimeoirí seanléine a thabhairt isteach ón mbaile agus athearraíocht a bhaint aisti, mar shampla trí mhála a dhéanamh aisti.
  • D’fhéadfaí é sin a nascadh leis na hamharcealaíona (teicstílí) de réir mar a úsáideann/mar a fhorbraíonn na foghlaimeoirí a scileanna fuála, trí chnaipí a fhuáil ar éadach nó tabhairt faoi dheisiú simplí. D’fhéadfaidís treoracha a scríobh (lena nascadh leis an litearthacht).

Ábhair; na hamharcealaíona (teicstílí); litearthacht; taighde a dhéanamh le foinsí tánaisteacha

Gréasán topaicí 2: Cá dtéann ár mbruscar?

Céard í eolaíocht na topaice seo?

In Éirinn, cruthaíonn gach duine thart ar 320 kg dramhaíola gach bliain. Is ábhar imní í dramhaíl bhia, toisc go gcaitear 7 milliún tonna amach gach bliain. Cuirtear dramhaíl nach féidir a athchúrsáil chuig láithreáin líonta talún, rud a imríonn drochthionchar ar an gcomhshaol. Tá láithreáin líonta talún ar cheann de na cúiseanna le hathrú aeráide. Gineann agus scaoileann siad bithghás isteach san atmaisféar. Éilíonn siad ithir agus uisce agus cruthaíonn siad dóiteáin agus, uaireanta, pléascanna.

Cén cur chuige atá ag na heolaithe ina leith?

Tá ról na n-eolaithe tábhachtach i gcás pacáistí bia agus ábhair eile a fhorbairt chun an dramhaíl phlaisteach a théann chuig láithreáin líonta talún a laghdú.

taighdeoirí ag obair chun dramhaíl bhia gan chúis a laghdú trí lipéid bhia a fhorbairt a chabhróidh leis na tomhaltóirí cén uair a lobhann bia a thuiscint, rud a d’fhéadfadh suas le 63% den dramhaíl bhia sa ghnáththeach a spáráil.

Cén chaoi a bhféadfaí é seo a fhiosrú sa seomra ranga?

  • D’fhéadfadh na foghlaimeoirí taighde a dhéanamh le foinsí tánaisteacha trína fháil amach cé mhéad dramhaíola a ghintear in Éirinn, dramhaíl bhia ina measc, agus cé as don dramhaíl sin. D’fhéadfaidís a gceisteanna féin a chur agus a fhreagairt.
  • Iarr ar na foghlaimeoirí na ceisteanna ‘Cé mhéid bruscair a ghintear inár scoil?’ agus ‘Cén chaoi a bhfaighimid amach?’ a mheas.
  • D’fhéadfadh na foghlaimeoirí a modhanna féin a dhearadh chun na ceisteanna sin a fhreagairt, ar nós na boscaí bruscair sa seomra ranga a mheá ag deireadh gach lae. D’fhéadfaidís comparáid a dhéanamh idir seomraí ranga difriúla agus idir an méid dramhaíola a chuirtear go láithreán líonta talún seachas iad a athchúrsáil.
  • D’fhéadfadh na foghlaimeoirí iniúchadh a dhéanamh ar dhramhaíl bhia freisin trí bhoscaí bruscair bia a mheá ag deireadh gach ama lóin ar feadh seachtaine, agus a dtorthaí a thaifeadadh.
  • Mura bhfuil carn nó araid mhúirín ag an scoil, d’fhéadfadh na foghlaimeoirí a dtorthaí a úsáid chun a chur ina luí ar an bpríomhoide gur cheart go mbeadh. D’fhéadfaidís litreacha a scríobh nó cur i láthair a dhéanamh chun cabhrú leo a scileanna litearthachta a fhorbairt. Sin nó d’fhéadfaidís piastlann shimplí a chruthú i gceacht amharcealaíon, agus treoracha a scríobh lena aghaidh.
  • Féadfaidh na foghlaimeoirí scileanna matamaitice a fhorbairt trí dhramhaíl a mheá agus a dtorthaí a chur i láthair ar ghraif/chairteacha.

Taighde a dhéanamh le foinsí tánaisteacha; comparáidí cothroma; na hamharcealaíona; sonraí a thaifeadadh agus a láimhsiú; litearthacht; breathnú ar nithe beo; matamaitic

Bain leas as na hacmhainní breise seo freisin