Bain leas as gnáthóga na n-órang-útan agus na mbéar bán a chosaint mar chomhthéacsanna agus tú ag múineadh faoi nithe beo

This resource is also available in English and Welsh

Cén chaoi a dtéann táirgeadh ola pailme i bhfeidhm ar ghnáthóg na n-órang-útan? Cén chaoi a bhféadfaimis na béir bhána a chosaint ach a n-áit chónaithe a chosaint? Tugtar smaointe faoi chomhthéacs na hinbhuanaitheachta sa ghréasán topaicí seo chomh maith le moltaí faoi ghníomhaíocht ranga a chabhródh le múineadh faoi nithe beo agus a ngnáthóga do dhaltaí atá 7–9 mbliana d’aois. Fiosraigh gnáthóga na n-órang-útan agus na mbéar bán, na bagairtí atá le sárú acu, agus déan naisc le topaicí eolaíochta eile ar nós ábhar agus staideanna na n-ábhar.

Mínítear an eolaíocht chúlra i ngach gréasán, déantar cur síos ar an gcaoi a mbíonn eolaithe ag obair sa réimse seo, agus moltar bealaí chun é sin a fhiosrú sa seomra ranga.

An gréasán topaicí seo a úsáid

Is cuid dár sraith Comhthéacsanna inbhuanaitheachta le haghaidh theagasc eolaíocht na bunscoile í an acmhainn seo. Tá 20 gréasán topaicí sa tsraith a ceapadh chun cabhrú leat do theagasc curaclaim reatha a nascadh le ceisteanna inbhuanaitheachta.

Foghlaim níos mó faoin gcaoi le leas a bhaint as an ngréasán topaicí seo i do theagasc.

Gréasán topaicí 1: Ola pailme inbhuanaithe chun na hórang-útain a shábháil

Céard í eolaíocht na topaice seo?

Is ápaí móra iad na hórang-útain a mhaireann i ngnáthóga foraoise báistí na hIndinéise agus na Malaeisia. Tá siad i mbaol criticiúil. Leagann comhlachtaí na crainn ina maireann na hórang-útain chun plandálacha ola pailme a chur. Laghdaíonn sé sin an bhithéagsúlacht sa cheantar; baintear na crainn ina maireann na hápaí, chomh maith leis na torthaí agus na feithidí a itheann siad. Cuireann an dífhoraoisiú leis an athrú aeráide freisin, toisc go dtáirgtear carbón agus go laghdaítear an méid crann a bhaineann dé-ocsaíd charbóin ón aer.

Cén cur chuige atá ag na heolaithe ina leith?

Bíonn ola pailme leathsholadach ag teocht an tseomra, gan dath ná boladh. Úsáidtear ola pailme i thart ar 50% de bhia próiseáilte agus cosmaidí na linne seo. Táirgeann crainn ola pailme níos mó ola in aghaidh an heicteáir ná plandaí eile, mar sin bheadh sé an-deacair stop iomlán a chur le húsáid na hola pailme. Ina áit sin, tá eolaithe ag obair ar mhodhanna feirmeoireachta inbhuanaithe don ola pailme, ina measc láithreáin phlandála a roghnú go cúramach, lotnaidicídí a laghdú agus fiú gobachán pailnithe a úsáid chun í a fhás i gceantair éagsúla ar fud an domhain nach bhfuil an tábhacht éiceolaíochta chéanna ag baint leo.

Cén chaoi a bhféadfaí é seo a fhiosrú sa seomra ranga?

  • Cuir drochbhail na n-órang-útan i láthair na bhfoghlaimeoirí leis an bhfógra seo ón gcomhlacht Iceland. Déan taighde ar na hórangútain leis na foghlaimeoirí ag úsáid foinsí tánaisteacha. Úsáid léarscáileanna chun an áit a mbíonn siad a aimsiú agus scríobh bileoga faisnéise faoin tábhacht a bhaineann le húsáid a bhaint as ola pailme a fhoinsítear go hinbhuanaithe. D’fhéadfadh na foghlaimeoirí leas a bhaint as barraghraif chun an meath ar na hórang-útain le himeacht aimsire a léiriú, agus a gcuid torthaí a chur i láthair.
  • D’fhéadfadh na foghlaimeoirí machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a ndeachaigh na hórang-útain in oiriúint dá ngnáthóg foraoise. Céard a itheann siad? Cén chaoi a dtaistealaíonn siad? Iarr ar an foghlaimeoirí cén chaoi a bhféadfadh na hórang-útain dul in oiriúint do ghnáthóg nua. D’fhéadfadh na foghlaimeoirí téacsanna faisnéise a scríobh chun a n-eolas a roinnt.
  • Déan tástálacha cothroma chun smaoineamh ar airíonna na hola.
  • Measc ola le huisce/bainne/deoch shúilíneach/tae. Céard a thugann na foghlaimeoirí faoi deara? Céard iad airíonna na hola? Pléigh foclóir nua, ar nós ‘slaodacht’. D’fhéadfadh na foghlaimeoirí a lampa laibhe féin a dhéanamh, le huisce, ola phlandúil agus dathúchán bia.
  • Tabhair faoi oideas simplí cócaireachta ach cuir ola pailme nó ola lus na gréine in áit an ime – an bhfuil blas difriúil air? An bhfuil uigeacht dhifriúil aige?

Gnáthóga; inbhuanaitheacht; tuar; comparáid; taighde; tástáil chothrom; litearthacht; tíreolaíocht; sonraí a láimhsiú

Gréasán topaicí 2: Gnáthóga ag leá

Céard í eolaíocht na topaice seo?

Is mamaigh mhara iad na béir bhána arb é muiroighear an Artaigh a ngnáthóg. Is féidir leo aistir fhada a chur díobh ag snámh agus inslíonn a bhfionnadh iad. Beireann siad ar a gcreach, na rónta, trí fhanacht ar imeall an oighir. Ar an drochuair, tá a ngnáthóg i mbaol. Tá an muiroighear ag leá, rud a laghdaíonn an spás seilge atá acu agus is féidir le hola ina dtimpeallacht mar gheall ar eastóscadh ola an t-insliú ina bhfionnadh a laghdú agus a gcreach a éilliú.

Cén cur chuige atá ag na heolaithe ina leith?

Tá eolaithe ag iarraidh teacht ar bhealaí leis an athrú aeráide a laghdú chun cabhrú le gnáthóg na mbéar bán a chothabháil. Molann siad ídiú breoslaí iontaise a laghdú agus tá cineálacha fuinnimh inbhuanaithe, malartacha forbartha acu, ar nós fuinneamh gréine nó gaoithe. Forbraíonn eolaithe comhshaoil uirlisí chun a chur ar ár gcumas an truailliú atá thart timpeall orainn a shonrú agus a thomhas. Bíonn siad i mbun taighde agus feachtasaíochta freisin, agus spreagann siad rialtais le glacadh le cleachtais níos inbhuanaithe.

Cén chaoi a bhféadfaí é seo a fhiosrú sa seomra ranga?

  • D’fhéadfadh na foghlaimeoirí turgnamh a dhearadh chun moill a chur ar oighear ag leá. Bain triail as inslitheoirí difriúla mar na hathróga (scragall stáin, olann, cumhdach bolgóideach) chun a fháil amach cé acu a choinníonn an t-oighear fuar níos faide, agus taifead cén fad a thógann sé air leá. An leánn sé níos tapa/níos moille i seomraí difriúla? Cén chaoi a dtomhaisfidís teocht an tseomra?
  • Cuimhnigh ar an gcaoi a bhféadfaí uisce a thruailliú agus a rachadh sé sin i bhfeidhm ar shláinte ainmhithe a mhaireann in aice leis. Cruthaigh táscaire cabáiste dheirg agus tástáil tuaslagáin dhifriúla a bheadh le fáil i gcistin na bhfoghlaimeoirí. Cén chomh haigéadach nó chomh halcaileach agus atá na tuaslagáin sin? Má tá truailleán in uisce, cén éifeacht a bheadh aige sin ar ainmhí a d’ólfadh an t-uisce nó a bheadh ag snámh ann? Pléigh éifeacht na dtruailleán ar ghnáthóg ainmhí.
  • Léigh ‘Leaf’ le Sandra Dieckmann faoi bhéar bán leis na foghlaimeoirí. Mar nasc leis an tíreolaíocht, d’fhéadfaidís léarscáil a tharraingt d’aistear an bhéir, in OSPS d’fhéadfaí labhairt faoi ionchuimsiú agus cairdeas, nó sna hamharcealaíona d’fhéadfaidís a meaisíní eitilte féin a chruthú.
  • Féach ar Greta Thunberg ag labhairt go paiseanta faoin tábhacht a bhaineann le gníomhú in aghaidh an athraithe aeráide don saol amach romhainn. I litearthacht, d’fhéadfadh na foghlaimeoirí a n-óráidí féin a scríobh chun a bpobal a spreagadh le difríocht a dhéanamh.

Tuar; gnáthóga; ábhair; tástáil chothrom; breathnú; comparáid a dhéanamh; torthaí a chur i láthair ar bhealaí difriúla; tús eolais ar theirmiméadair

Bain leas as na hacmhainní breise seo freisin