Bain leas as fuinneamh inbhuanaithe agus monatóireacht a dhéanamh ar an leictreachas a ídímid mar chomhthéacsanna agus tú ag múineadh faoi leictreachas

This resource is also available in English and Welsh

Bíonn eolaithe de shíor ag déanamh táirgeadh leictreachais níos inbhuanaithe, ach caithfimid an méid leictreachais a ídímid a laghdú mar sin féin. Tugtar smaointe faoi chomhthéacs na hinbhuanaitheachta sa ghréasán topaicí seo chomh maith le moltaí faoi ghníomhaíocht ranga a chabhródh le múineadh faoi leictreachas do dhaltaí atá 9–11 bhliain d’aois. Fiosraigh an chaoi a dtáirgtear leictreachas le mótar, nó déan iniúchadh ar na háiteanna a n-ídítear leictreachas ar scoil.

Mínítear an eolaíocht chúlra i ngach gréasán, déantar cur síos ar an gcaoi a mbíonn eolaithe ag obair sa réimse seo, agus moltar bealaí chun é sin a fhiosrú sa seomra ranga.

An gréasán topaicí seo a úsáid

Is cuid dár sraith Comhthéacsanna inbhuanaitheachta le haghaidh theagasc eolaíocht na bunscoile í an acmhainn seo. Tá 20 gréasán topaicí sa tsraith a ceapadh chun cabhrú leat do theagasc curaclaim reatha a nascadh le ceisteanna inbhuanaitheachta.

Foghlaim níos mó faoin gcaoi le leas a bhaint as an ngréasán topaicí seo i do theagasc.

Gréasán topaicí 1: Buail an lasc

Céard í eolaíocht na topaice seo?

Cruthaíonn táirgeadh leictreachais inbhuanaithe dúshláin d’eolaithe. Caithfear cothromaíocht a fháil idir an méid leictreachais a tháirgtear agus an tionchar a bhíonn ag an táirgeadh sin ar an gcomhshaol. Ní féidir leanúint ag úsáid breoslaí iontaise i dtáirgeadh leictreachais mar gheall ar an téamh domhanda. Caithfidh eolaithe táirgeadh leictreachais a dhéanamh saor agus ‘glan’ trí mhodhanna eile ginte leictreachais éasca a dhéanamh indéanta.

Cén cur chuige atá ag na heolaithe ina leith?

Tá eolaithe ag féachaint le húsáid tuirbíní gaoithe a dhéanamh níos inbhuanaithe, ina measc lanna snáithínghloine na dtuirbíní gaoithe a athchúrsáil mar chuid den déantúsaíocht stroighne, agus ábhair ísealcharbóin a úsáid le haghaidh lanna na dtuirbíní – fiú bambú b’fhéidir! Beidh feabhas ar athchúrsáil na bpainéal gréine mar gheall ar mhodhanna nua chun cealla fótavoltacha a scaradh óna chéile. Táthar ag dearadh imoibreoirí núicléacha atá in ann breoslaí núicléacha a athúsáid. Tá ceimiceoirí ag oibriú freisin chun ‘breoslaí gréine’ a tháirgeadh trí fhótaisintéis shaorga.

Cén chaoi a bhféadfaí é seo a fhiosrú sa seomra ranga?

  • Iarr ar na foghlaimeoirí taighde a dhéanamh trí fhoinsí tánaisteacha ar na bealaí éagsúla a ghintear leictreachas. Iarr orthu na tionchair dhearfacha agus dhiúltacha a bhíonn ag gach modh ginte a thaifeadadh. Cuardaigh cosúlachtaí agus difríochtaí sa ghiniúint.
  • Ba cheart go dtuigfeadh na foghlaimeoirí go n-úsáidtear tuirbín go minic sa phróiseas ginte leictreachais. Castar an tuirbín leis an ngaoth, le meascán téite gás nó, níos minice ná a chéile, le gal. Má úsáidtear breoslaí iontaise chun uisce a théamh le gal a chruthú, táirgtear fotháirgí a chuireann leis an téamh domhanda nó a dhéanann dochar don tsláinte agus don chomhshaol. Ní tháirgtear gáis cheaptha teasa nuair a théitear uisce le fuinneamh núicléach, ach táirgtear dramhaíl radaighníomhach. Iarr ar ghrúpaí foghlaimeoirí modh ginte a roghnú agus a gcuid scileanna litearthachta a úsáid chun a dtorthaí a chur i láthair don rang. D’fhéadfaidís TFC a úsáid chun cur i láthair a dhéanamh, tuairiscí a scríobh nó póstaeir a chruthú.
  • Sna hamharcealaíona, d’fhéadfadh na foghlaimeoirí muilte gaoitherothaí uisce a rachadh faoi shreabhadh uisce ó sconna a dhearadh/a dhéanamh. D’fhéadfaidís scileanna breathnaithe agus taifeadta sonraí a úsáid chun an cheist ‘An gcasann dearaí difriúla níos tapa’ a fhreagairt.

Taighde; comparáid a dhéanamh; pleanáil; meastóireacht; breathnú; TFC; na hamharcealaíona; uimhearthacht

Gréasán topaicí 2: Cé a íocann an bille?

Céard í eolaíocht na topaice seo?

Tá acmhainní an domhain á n-ídiú róthapa. Ag an am céanna, tá gníomhaíocht an chine dhaonna ag cur leis an téamh domhanda. Cuireann ár n-ídiú fuinnimh leis sin, i measc cúinsí eile. Cibé bealach a dtáirgtear fuinneamh, beidh tionchar aige i gcónaí ar an gcomhshaol – trí bhreoslaí iontaise a dhó, dramhaíl radaighníomhach a tháirgeadh nó san fhuinneamh a ídítear chun fuinnimh ‘ghlana’ a tháirgeadh agus a chothú. Tá an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú ríthábhachtach chun an tionchar sin a laghdú.

Cén cur chuige atá ag na heolaithe ina leith?

Tá eolaithe ag forbairt teicneolaíochtaí chun éifeachtúlacht i dtáirgeadh fuinnimh a mhéadú agus an t-éileamh ar fhuinneamh a laghdú – agus é d’aidhm acu an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú a oiread agus is féidir. Cuireann dearaí éifeachtacha le haghaidh coirí agus meaisíní le ‘dícharbónú’ an chomhshaoil. Tá dearadh na lann ar thuirbíní gaoithe á bheachtú i gcónaí, agus tá cealla fótavoltacha á bhfeabhsú. Dá bhrí sin, tá táirgeadh fuinnimh ón nádúr níos éifeachtaí. Cabhraíonn méadair chliste le tomhaltóirí cinntí a dhéanamh faoina n-ídiú fuinnimh.

Cén chaoi a bhféadfaí é seo a fhiosrúbsa seomra ranga?

  • Pléigh bealaí praiticiúla le hídiú fuinnimh a laghdú leis na foghlaimeoirí. Dírigh ansin ar ídiú fuinnimh na scoile. D’fhéadfaí an scoil a chlárú le Giki zero chun tuairisc a choinneáil de na bearta chun ídiú fuinnimh a laghdú.
  • Iarr ar ghrúpaí foghlaimeoirí iniúchadh a dhéanamh ar an ídiú leictreachais i ngach seomra ranga sa scoil. D’fhéadfaí ceistneoirí a dhearadh nó méadar ídithe leictreachais plugála a úsáid chun ídiú gach fearais sa seomra a thomhas. Féadfaidh na foghlaimeoirí méadar cliste na scoile a fhiosrú chun iniúchadh a dhéanamh ar ídiú fuinnimh na scoile trí chéile. Féadfaidh siad cur amú a shainaithint agus scileanna uimhearthachta a úsáid chun a dtorthaí a chur i láthair.
  • Má thagtar ar chur amú, ba cheart go dtabharfaí bealaí le fios chun an t-ídiú fuinnimh a laghdú. An bhfuil insliú cuasbhalla ann? An bhfuil gloiniú singil nó déghloiniú ann? An bhfuil soláthróir fuinnimh na scoile ag brath ar bhreoslaí iontaise? Cén t-athrú is féidir leis an scoil a chur i bhfeidhm? Féadfaidh grúpaí a dtorthaí agus a moltaí a chur i láthair don rang.
  • D’fhéadfadh na foghlaimeoirí a dtorthaí agus a moltaí a chur i láthair do phobal na scoile. D’fhéadfaí ábhar físe a thaispeáint, chomh maith le graif agus cairteacha a chruthaigh na foghlaimeoirí.

Leictreachas; uimhearthacht; TFC; taighde a dhéanamh le foinsí tánaisteacha; taighde agus cur i láthair ar thorthaí

Bain leas as na hacmhainní breise seo freisin