Bain leas as breathnú ar ár dtimpeallacht agus aimsir gan choinne agus tú ag múineadh faoi athruithe séasúracha

This resource is also available in English and Welsh

Bíonn eolaithe ag breathnú ar ár n-aeráid agus na séasúir, agus á dtomhas, chun tuiscint a fháil ar an athrú aeráide. Tugtar smaointe faoi chomhthéacs na hinbhuanaitheachta sa ghréasán topaicí seo chomh maith le moltaí faoi ghníomhaíocht ranga a chabhródh le múineadh faoi athruithe séasúracha do dhaltaí atá 4–7 mbliana d’aois. Tabhair na hathruithe i do thimpeallacht i séasúir dhifriúla faoi deara, nó pléigh agus breathnaigh ar an aimsir lena bhfuil súil agus gan choinne i do cheantar.

Mínítear an eolaíocht chúlra i ngach gréasán, déantar cur síos ar an gcaoi a mbíonn eolaithe ag obair sa réimse seo, agus moltar bealaí chun é sin a fhiosrú sa seomra ranga.

An gréasán topaicí seo a úsáid

Is cuid dár sraith Comhthéacsanna inbhuanaitheachta le haghaidh theagasc eolaíocht na bunscoile í an acmhainn seo. Tá 20 gréasán topaicí sa tsraith a ceapadh chun cabhrú leat do theagasc curaclaim reatha a nascadh le ceisteanna inbhuanaitheachta.

Foghlaim níos mó faoin gcaoi le leas a bhaint as an ngréasán topaicí seo i do theagasc.

Gréasán topaicí 1: Breathnú ar athruithe séasúracha

Céard í eolaíocht na topaice seo?

Tá an domhan claonta ar a ais. Agus muid ag gluaiseacht ar fithis timpeall na Gréine in imeacht bliana, uaireanta bíonn an leathsféar thuaidh níos gaire don Ghrian, agus uaireanta eile bíonn an leathsféar theas níos gaire di. Is as sin a thagann na séasúir. De réir mar a athraíonn na séasúir, feictear teochtaí difriúla, aimsir dhifriúil, agus athruithe ar shaol plandaí agus ar iompar ainmhithe. Mar gheall ar an téamh domhanda, tá teocht an Domhain ag ardú, rud a chruthaíonn athruithe aimsire gan choinne, ar nós báisteach throm nó falscaithe.

Cén cur chuige atá ag na heolaithe ina leith?

Cuid thábhacht den mhodh eolaíochta is ea breathnú le himeacht aimsire. Is beag tionchar a imríonn daoine ná ainmhithe ar an Antartach, mar sin is áit iontach é chun athruithe ar theocht an Domhain a thomhas. Tógann eolaithe na tomhais chéanna gach lá chun patrúin agus aimhrialtachtaí (sonraí neamhghnácha) a aimsiú. Léirigh tomhais rialta go bhfuil teocht dhromchla an Domhain ag ardú. Is athrú aeráide é sin a eascraíonn as gníomhaíocht an chine dhaonna.

Cén chaoi a bhféadfaí é seo a fhiosrú sa seomra ranga?

  • Téigh ar siúlóid chun breathnú ar an spéir (an bhfuil sé grianmhar? scamallach? ag báisteach?), an teocht a aireachtáil (an bhfuil sé te? fuar? préachta?) agus a bhfuil le cloisteáil a mheas (éin? an ghaoth sna crainn?). D’fhéadfadh na foghlaimeoirí dán a scríobh bunaithe ar “Feicim… Cloisim… Airím…”. Nasc é leis an litearthacht tríd an ngníomhaíocht chéanna a dhéanamh gach téarma agus na dánta a athbhreithniú ag deireadh na bliana.
  • Roghnaigh áit ar scoil nó in aice leis an scoil ina bhfuil plandaí agus an spéir le feiceáil. Tóg grianghraf nó taifead físeán gearr. Iarr ar na foghlaimeoirí an rud céanna a dhéanamh uair sa tseachtain nó go míosúil. Bailigh na híomhánna nó na físeáin le chéile ag deireadh na bliana chun breathnú ar na hathruithe ar fad. Céard a thugann siad faoi deara?
  • Líon tráidire miotail le hearraí nádúrtha a bailíodh agus uisce, ansin reoigh é. Cuir an tráidire taobh amuigh agus tomhas an fad a thógann sé air leá. Taifead na sonraí ar thábla. Déan an rud céanna gach téarma. D’fhéadfadh na foghlaimeoirí na sonraí a chur i láthair i bhformáid ghrafach. Iarr orthu comparáid a dhéanamh idir an fad a thógann sé air leá sa gheimhreadh le hais an tsamhraidh. An bhfuil cuma dhifriúil ar na duilleoga san fhómhar le hais an earraigh? Déan diosca an tséasúir le haghaidh gach séasúir agus cuir i gcomparáid iad.

Litearthacht; TFC; uimhearthacht; breathnú le himeacht aimsire; comparáid; sonraí a thaifeadadh agus a láimhsiú; athruithe séasúracha; ábhair

Gréasán topaicí 2: Aimsir gan choinne

Céard í eolaíocht na topaice seo?

Tá athrú aeráide á cruthú ag truailliú méadaithe mar gheall ar ghníomhaíocht an chine dhaonna. Taifeadadh na teochtaí is teo dár taifeadadh riamh le seacht mbliana anuas. Chuir sé sin isteach ar na patrúin aimsire a raibh súil leo i roinnt réigiún, ag cruthú tuilte uafásacha, triomaigh, stoirmeacha, tonnta teasa agus tinte. Tarlaíonn tuilte mar go bhfuil an t-atmaisféar níos teo agus go bhfuil an t-aer in ann níos mó uisce a choinneáil dá bharr, ach nuair a fhuaraíonn sé, cruthaíonn an bháisteach bhreise maidhm thuile uaireanta.

Cén cur chuige atá ag na heolaithe ina leith?

Déanann ceimiceoirí an atmaisféir anailís ar shonraí faoi bháisteach chun patrúin a aimsiú agus sonraí a chur i láthair ar ghraif. Úsáideann siad an fhaisnéis sin chun feasacht a mhéadú ar na fadhbanna a chruthaíonn an t-athrú aeráide agus chun an méid a d’fhéadfadh tarlú dár n-aimsir sna blianta amach romhainn a thuar. Spreagann gníomhaithe ar nós Greta Thunberg rialtais le bearta a ghlacadh chun an truailliú a laghdú le go gcuirfear moill ar théamh an Domhain.

Cén chaoi a bhféadfaí é seo a fhiosrú sa seomra ranga?

  • Pléigh an aimsir a bhfuil súil léi in bhur gceantar féin don téarma sin leis na foghlaimeoirí. Ansin pléigh aimsir nach mbeadh coinne léi. D’fhéadfaidís a smaointe a chur i láthair ar mheabhairmhapa. (Níl srian ar bith leis seo: ní bheifí ag súil le tuilte, ná le hiasc ag titim as an spéir!) D’fhéadfadh na foghlaimeoirí fiafraí de dhaoine fásta sa bhaile an cuimhin leo aon aimsir gan choinne a fheiceáil. Nasc é leis an litearthacht trí iarraidh ar na foghlaimeoirí scríobh faoinar fhoghlaim siad.
  • Úsáid scéal Katie Morag ‘An island home’ chun naisc le tíreolaíocht a fhiosrú trí aimsir i gceantair dhifriúla a chur i gcomparáid.
  • Breathnaigh ar an aimsir taobh amuigh agus úsáid scileanna uimhearthachta chun taispeántas scóir a chruthú faoi spraoi ranga ar lá báistí a gcuirfear leis i gcaitheamh na bliana. An bhfuil níos mó báistí i míonna ar leith? An raibh lá sa samhradh go raibh spraoi ranga ar lá báistí gan choinne ar scoil? An raibh an aimsir níos teo ná mar a bhíonn go hiondúil?
  • Cuir umar bailithe báistí taobh amuigh den seomra ranga. Ní gá go mbeadh sé casta; d’oibreodh seanbhuidéal uisce a bhfuil tomhais marcáilte ar a thaobh. Iarr ar na foghlaimeoirí a rá leat nuair a shroicheann an t-uisce leibhéal faoi leith. An mbíonn sé ag cur thar maoil riamh? An raibh súil leis sin nó nach raibh?

Litearthacht; TFC; uimhearthacht; breathnú le himeacht aimsire; tomhas agus taifeadadh; athruithe séasúracha

Bain leas as na hacmhainní breise seo freisin