Tarraing aird d’fhoghlaimeoirí sna ranganna eolaíochta trína gcuid foghlama a nascadh leis an inbhuanaitheacht

This resource is also available in English and Welsh

Tá fuascailt na faidhbe ar go leor dár ndúshláin inbhuanaitheachta san eolaíocht, agus tá eolaithe i mbun obair thábhachtach ar fud na cruinne chun bagairtí aeráide a thuiscint agus chun dul i ngleic leo. Bíonn spéis faoi leith ag an aos óg i gceisteanna inbhuanaitheachta agus mar sin d’fhorbraíomar ár sraith ‘Comhthéacsanna inbhuanaitheachta le haghaidh eolaíocht na bunscoile’ chun cabhrú leat múineadh faoin inbhuanaitheacht d’fhoghlaimeoirí i rith na gceachtanna eolaíochta.

An chaoi leis na hacmhainní seo a úsáid

Ceapadh na gréasáin inbhuanaitheachta chun cabhrú leat do theagasc curaclaim reatha a nascadh le ceisteanna inbhuanaitheachta. Tá dhá chomhthéacs inbhuanaitheachta dhifriúla i ngach gréasán; is féidir iad a úsáid bunaithe ar an topaic eolaíochta chéanna. Bíonn aoisraon molta ag gabháil le gach gréasán freisin: 4–7 mbliana, 7–9 mbliana nó 9–11 bhliain.

Ceapadh gach gréasán inbhuanaitheachta chun forléargas tapa a thabhairt duit ar an gcaoi a bhféadfaí comhthéacsanna inbhuanaitheachta a nascadh leis an topaic eolaíochta, agus chun gníomhaíochtaí sonracha a mholadh duit don rang. Ní thugtar pleananna ceachta cuimsitheacha.

Tarraingítear aird sna gréasáin ar dheiseanna chun scileanna litearthachta agus uimhearthachta a chleachtadh, chomh maith le scileanna oibre eolaíche ginearálta, amharcealaíon agus teicneolaíochta faisnéise.

Níl aon bhealach ceart ná mícheart ann na gréasáin inbhuanaitheachta a úsáid. Molaimid na bealaí seo a leanas:

  1. Chun tacú leat eolaíocht a theagasc trí chomhthéacsanna spéisiúla a bhaineann leis an inbhuanaitheacht. I gcás na ngréasán inbhuanaitheachta a bhaineann leis an topaic eolaíochta atá ar intinn agat, tarraingeoidh na gréasáin aird ar dhá chomhthéacs inbhuanaitheachta fhéideartha, molfar gníomhaíochtaí don seomra ranga, agus tabharfar naisc úsáideacha le haghaidh tuilleadh eolais.
  2. Chun tacú le fócas ar an inbhuanaitheacht don scoil uile nó do ghrúpa bliana uile a phleanáil. Má tá fócas ar an inbhuanaitheacht á phleanáil, tabharfaidh na gréasáin smaointe duit faoi chomhthéacsanna agus gníomhaíochtaí suimiúla inbhuanaitheachta le haghaidh aoisghrúpaí difriúla. Nascfaidh siad le topaicí curaclaim san eolaíocht, agus molfar túsphointí freisin chun scileanna litearthachta, uimhearthachta, amharcealaíon agus teicneolaíochta faisnéise a chleachtadh.

Cibé cén bealach a mbaineann tú úsáid as na gréasáin, molaimid na comhthéacsanna a úsáid chun suim a mhúscailt i dtopaic. Is féidir iad sin a úsáid chun an topaic a chur i láthair go fiúntach. I rith an cheachta, nuair a fheiceann páistí an nasc den chéad uair, faigheann siad comhthéacs fiúntach le haghaidh na topaice eolaíochta atá le foghlaim acu. Is féidir iad a úsáid chun a smaointe faoin inbhuanaitheacht agus a bhfeasacht ar an gcomhshaol trí chéile a fhorbairt. Is féidir na comhthéacsanna sin a úsáid chun a scileanna oibre eolaíche a fhorbairt, chomh maith le feasacht a mhéadú ar an gcaoi a mbíonn eolaithe ag dul i bhfeidhm go fiúntach ar aghaidh a thabhairt ar cheisteanna inbhuanaitheachta.

Íoslódáil an treoir seo

Sracfhéachaint ar an tsraith

Faigh forléargas ar na topaicí agus na comhthéacsanna a phléitear sa tsraith.

An chaoi leis na hacmhainní seo a úsáid

Úsáid ár dtreoir chun foghlaim faoin leas is fearr a bhaint as na gréasáin topaicí i do theagasc.

Íoslódáil gach rud