Bain triail as an iniúchadh seo chun leachtanna agus gáis a fhiosrú, agus déan cleachtadh ar thomhais chruinne a thógáil

This resouce is in Irish and is also available in English and Welsh

Dírítear sa turgnamh seo ar an ngás dé‑ocsaíd charbóin ag coipeadh trí leachtanna. Breathnaigh ar dtús ar an bhfíseán faoin lampa laibhe (‘Lava Lamp’), ansin foghlaim faoin gcaoi le hiniúchadh a dhéanamh le do chuid foghlaimeoirí ar mhais na dé‑ocsaíde carbóin i ndeochanna súilíneacha.

Cuspóirí foghlama

  • Tuiscint a léiriú ar sholaid, leachtanna agus gáis.
  • A thuiscint go mbíonn mais ag gáis.

Scileanna taighde:

  • Tomhais chruinne a dhéanamh.
  • Scileanna matamaitice a chur i bhfeidhm san eolaíocht.

Breathnaigh ar an bhfíseán

Léirítear san fhíseán thíos an chaoi le tabhairt faoin taispeántas ar an lampa laibhe.

Source: Royal Society of Chemistry

Make a lava lamp to explore mixing liquids and more concepts in primary science.

An t‑ábhar tacaíochta a íoslódáil

Socraigh agus reáchtáil an t‑iniúchadh le do rang, bunaithe ar na nótaí don mhúinteoir agus na sleamhnáin don seomra ranga, ina dtugtar liosta trealaimh iomlán, an modh, na focail agus na sainmhínithe is tábhachtaí, ceisteanna do na foghlaimeoirí, ceisteanna coitianta, agus neart eile.

Nótaí don mhúinteoir

PDF | Cáipéis Word ineagarthóireachta

Sleamhnáin don seomra ranga

PDF | Cáipéis PowerPoint ineagarthóireachta

ÍOSLÓDÁIL GACH RUD

Céard a chaithfidh a bheith ar eolas ag na foghlaimeoirí ar dtús?

Ba cheart go mbeadh a fhios ag na foghlaimeoirí cheana féin go bhfuil trí staid ábhair ann: solaid, leachtanna agus gáis. Ba cheart go mbeadh tuiscint bhunúsach acu ar airíonna gach staide ábhair.

Liosta trealaimh

Ba cheart go mbeadh an trealamh seo a leanas ag gach grúpa foghlaimeoirí:

  • Scálaí leictreonacha
  • Buidéal 500 ml de dheoch shúilíneach
  • Crúiscín tomhais (toilleadh 500 ml ar a laghad)
  • Spúnóga, soip nó rud éigin eile chun na deochanna a mheascadh

Acmhainní breise