Bain triail as an iniúchadh seo ina bhfiosraítear imoibrithe do‑aisiompaithe agus céard a theastaíonn ó ábhair le go ndófaidh siad

This resource is in Irish and is also available in English and Welsh

Dírítear sa turgnamh seo ar dhé‑ocsaíd charbóin a tháirgeadh chun coinneal a mhúchadh. Breathnaigh ar dtús ar an bhfíseán ina dtaispeántar an múchtóir tine (‘Fire Extinguisher’), ansin foghlaim faoin gcaoi leis an iniúchadh sin a dhéanamh le do chuid foghlaimeoirí.

Cuspóirí foghlama

  • Cur síos a dhéanamh ar an difríocht idir athrú in-aisiompaithe agus athrú do-aisiompaithe.
  • A mhíniú go gcruthaítear ábhair nua mar gheall ar roinnt athruithe (sa chás seo, tá dé-ocsaíd charbóin ar cheann de na hábhair nua) agus nach mbíonn an cineál sin athraithe in-aisiompaithe go hiondúil.
  • A thuiscint go bhfuil roinnt gás níos troime ná a chéile.

Scileanna taighde:

  • A bhfuil i gceist le hathróga a thuiscint.

Breathnaigh ar an bhfíseán

Léirítear san fhíseán thíos an chaoi le tabhairt faoin taispeántas ar an múchtóir tine.

Source: Royal Society of Chemistry

Put out a fire with a jug of carbon dioxide to demonstrate changing materials, irreversible reactions, and gases to primary students.

An t‑ábhar tacaíochta a íoslódáil

Socraigh agus reáchtáil an t‑iniúchadh le do rang, bunaithe ar na nótaí don mhúinteoir agus na sleamhnáin don seomra ranga, ina dtugtar liosta trealaimh iomlán, an modh, na focail agus na sainmhínithe is tábhachtaí, ceisteanna do na foghlaimeoirí, ceisteanna coitianta, agus neart eile.

Nótaí don mhúinteoir

PDF | Cáipéis Word ineagarthóireachta

Sleamhnáin don seomra ranga

PDF | Cáipéis PowerPoint ineagarthóireachta

ÍOSLÓDÁIL GACH RUD

Céard a chaithfidh a bheith ar eolas ag na foghlaimeoirí ar dtús?

Bhainfeadh na foghlaimeoirí tairbhe as iniúchadh a dhéanamh ar an dó mar phróiseas do-aisiompaithe.

Caithfidh na foghlaimeoirí tuiscint a bheith acu ar airíonna solad, leachtanna agus gás agus ar ghníomhú na móilíní i ngach staid.

Ba cheart go mbeadh iniúchadh déanta ag na foghlaimeoirí roimhe seo freisin ar athruithe in-aisiompaithe agus go mbeidís in ann samplaí eolaíochta a thabhairt dá leithéid.

Ba cheart go mbeadh roinnt eolais ag na foghlaimeoirí ar thástáil chothrom agus ar an éifeacht a bhíonn ag athróga a athrú.

Liosta trealaimh

  • Fínéagar
  • Décharbónáit sóidiam
  • Lasáin fhada (oibreoidh lasáin ghearra, ach is lú seans go ndófar aon duine leis na lasáin fhada)
  • Crúiscín mór (thart ar dhá lítear)
  • Taechoinnle
  • Babhla gloine (atá sách mór le cúig nó sé thaechoinneal a chur isteach ann más féidir)
  • Spúnóg mhilseoige
  • Uisce/pluid dóiteáin (mar bheart sábháilteachta)

Acmhainní breise