Cuir le tuiscint na bhfoghlaimeoirí ar fhórsaí leis an iniúchadh simplí seo ina bhfiosraítear aerbhrú agus domhantarraingt

This resource is in Irish and is also available in English and Welsh

Dírítear sa turgnamh seo ar an gcaoi ar féidir leis an aerbhrú an domhantarraingt a shárú. Breathnaigh ar dtús ar an bhfíseán faoin mbuidéal frith‑dhomhantarraingthe (‘Anti‑gravity Bottle’), ansin foghlaim faoin gcaoi a bhféadfadh do chuid foghlaimeoirí aerbhrú a iniúchadh le cupáin, uisce agus píosa cairtpháipéir.

Cuspóirí foghlama

  • A thuiscint go dtugaimid fórsa an aeir faoi deara nuair a bhogann sé nithe, ach go mbíonn cáithníní aeir de shíor ag bogadh agus ag cruthú fórsaí nach dtugaimid faoi deara.
  • Léirthuiscint a bheith againn don chaoi a gcruthaíonn aer fórsa, agus go mbíonn an fórsa sin ag gníomhú i ngach treo, ní ‘síos’ i dtreo an domhain amháin.
  • Foghlaim go dtugtar aerbhrú ar fhórsa aeir thar achar ar leith.
  • A thuiscint gur féidir le haerbhrú atá sách láidir agus a ghníomhaíonn chun ní a bhrú suas an domhantarraingt a shárú.

Scileanna taighde:

  • Tuartha, breathnuithe agus comparáidí a dhéanamh.

Breathnaigh ar an bhfíseán

Léirítear san fhíseán thíos an chaoi le tabhairt faoin taispeántas ar an mbuidéal frith‑dhomhantarraingthe.

Source: Royal Society of Chemistry

Demonstrate the power of atmospheric pressure to make an anti-gravity bottle with primary students.

An t‑ábhar tacaíochta a íoslódáil

Socraigh agus reáchtáil an t‑iniúchadh le do rang, bunaithe ar na nótaí don mhúinteoir agus na sleamhnáin don seomra ranga, ina dtugtar liosta trealaimh iomlán, an modh, na focail agus na sainmhínithe is tábhachtaí, ceisteanna do na foghlaimeoirí, ceisteanna coitianta, agus neart eile.

Nótaí don mhúinteoir

PDF | Cáipéis Word ineagarthóireachta

Sleamhnáin don seomra ranga

PDF | Cáipéis PowerPoint ineagarthóireachta

ÍOSLÓDÁIL GACH RUD

Céard a chaithfidh a bheith ar eolas ag na foghlaimeoirí ar dtús?

Ba cheart go mbeadh sé ar chumas na bhfoghlaimeoirí a chur in iúl gurb ionann fórsa agus brú nó tarraingt ar nithe. Ba cheart go dtuigfidís freisin gur cineál fórsa í an domhantarraingt a tharraingíonn nithe i dtreo an Domhain.

Ba cheart go dtuigfeadh na foghlaimeoirí a bhfuil i gceist le ‘achar’ (tomhas ar dhromchla clúdaithe), go háirithe i gcás dronuilleog agus cearnóg.

Liosta trealaimh

  • Gloine – is féidir ceann plaisteach a úsáid, fad is nach féidir é a ‘bhrú’ le lámh
  • Píosa cairtpháipéir atá níos mó ná barr na gloine agus a shuífidh uirthi
  • Uisce le cur sa ghloine
  • Tráidire domhain nó báisín ar fhaitíos go ndoirtfí aon uisce.

Acmhainní breise