Iniúchtaí praiticiúla chun spéis na ndaltaí a mhúscailt sna príomhthopaicí in eolaíocht na bunscoile

This series is in Irish and is also available in English and Welsh

Cén chaoi a n‑úsáidfimis airíonna na ngás chun an domhantarraingt a shárú? Cé na hathruithe ceimiceacha a chruthaíonn mistéir sa ‘Lámh aisteach’?

Sa tsraith iniúchtaí seo, fiosraíonn na foghlaimeoirí an eolaíocht a bhaineann le raon turgnaimh spleodracha ach shimplí, agus iad ag cleachtadh na bpríomhscileanna eolaíochta, ó thuartha a dhéanamh go tomhas a ghlacadh agus torthaí a anailísiú. Agus iad ag foghlaim smaoineamh mar eolaithe, bíonn na foghlaimeoirí ag forbairt agus ag cur i bhfeidhm a dtuisceana freisin ar na croíthopaicí in eolaíocht na bunscoile, lena n‑áirítear:

  • meascáin a dheighilt
  • solaid
  • leachtanna
  • gáis
  • athruithe in‑aisiompaithe agus do‑aisiompaithe
  • staideanna na n‑ábhar

Cuimsíonn gach iniúchadh acmhainní tacaíochta saibhre, ina measc nótaí mionsonraithe don mhúinteoir, taispeántais físeáin agus sleamhnáin don seomra ranga chun an fhoghlaim a spreagadh agus a chur i gcomhthéacs. Agus ná bí buartha faoi threalamh speisialta a aimsiú – tá sé éasca na hiniúchtaí a ullmhú, agus beidh gach a dteastaíonn ar fáil san ollmhargadh áitiúil.

(Tabhair faoi deara: is i mBéarla amháin atá na físeáin agus na podchraoltaí a luaitear sna hacmhainní seo.)