Bain triail as an iniúchadh seo chun athruithe do‑aisiompaithe agus athrú ar athróga difriúla a fhiosrú

This resource is in Irish and is also available in English and Welsh

Dírítear sa turgnamh seo ar an gcaoi a n‑athraíonn ábhair nuair a imoibríonn siad le chéile. Breathnaigh ar dtús ar an bhfíseán faoi bhuamaí folctha (‘Bath Bombs’), ansin foghlaim faoin gcaoi a bhféadfadh do chuid foghlaimeoirí comhábhair dá leithéid a úsáid chun imoibriú do‑aisiompaithe a fhiosrú.

Cuspóirí foghlama

  • A thuiscint go dtáirgeann athruithe ceimiceacha ábhair nua agus go mbíonn siad do-aisiompaithe.

Scileanna taighde:

  • Tomhais a dhéanamh.
  • Sonraí agus torthaí a thaifeadadh le léaráidí agus lipéid eolaíochta.
  • Torthaí tástála a úsáid chun tuartha a dhéanamh.

Breathnaigh ar an bhfíseán

Léirítear san fhíseán thíos an chaoi le tabhairt faoin taispeántas ar bhuamaí folctha.

Source: Royal Society of Chemistry

Make a bath bomb with your primary students to investigate gases, and changing materials.

An t‑ábhar tacaíochta a íoslódáil

Socraigh agus reáchtáil an t‑iniúchadh le do rang, bunaithe ar na nótaí don mhúinteoir agus na sleamhnáin don seomra ranga, ina dtugtar liosta trealaimh iomlán, an modh, na focail agus na sainmhínithe is tábhachtaí, ceisteanna do na foghlaimeoirí, ceisteanna coitianta, agus neart eile.

Nótaí don mhúinteoir

PDF | Cáipéis Word ineagarthóireachta

Sleamhnáin don seomra ranga

PDF | Cáipéis PowerPoint ineagarthóireachta

ÍOSLÓDÁIL GACH RUD

Céard a chaithfidh a bheith ar eolas ag na foghlaimeoirí ar dtús?

Ba cheart go mbeadh cur amach ag na foghlaimeoirí orthu seo cheana féin:

  • Staid ábhar (ábhair mar sholaid, leachtanna agus gáis).
  • Leá agus reo mar athruithe in-aisiompaithe.
  • Tuaslagadh mar athrú in-aisiompaithe.
  • Púdair, is é sin solaid i bhfoirm ghráinneach.

Liosta trealaimh

Le haghaidh gach beirte/grúpa:

  • Eascraí/gabhdáin
  • Spúnóga/uirlisí measctha oiriúnacha nó méideanna réamhthomhaiste i gcásanna cácaí
  • Pípéid (roghnach)/scuaba péinte míne
  • Aigéad citreach
  • Décharbónáit sóidiam
  • Uisce
  • Ola (síol ráibe/ola naíonáin) *ailléirgí
  • Dathúcháin bia/ola eisintiúil le haghaidh datha agus bolaidh *ailléirgí
  • Salann
  • Stopuaireadóirí

Tabhair faoi deara: ní bhíonn aigéad citreach le fáil i ngach ollmhargadh. D’fhéadfadh sé a bheith níos éasca le haimsiú ar líne nó áit ar bith a ndíoltar ábhar grúdaireachta baile.

Acmhainní breise