Bain triail as an iniúchadh seo ina mbreathnaítear ar airíonna solad gráinneach agus ina gcuirtear i gcomparáid iad le hairíonna uisce.

This resource is in Irish and is also available in English and Welsh

Dírítear sa turgnamh seo ar airíonna solad gráinneach. Breathnaigh ar dtús ar an bhfíseán ina dtaispeántar briseadh na mbrioscaí (‘Biscuit Bashing’), ansin foghlaim faoin gcaoi leis an iniúchadh sin a dhéanamh le do chuid foghlaimeoirí.

Cuspóirí foghlama

  • A thuiscint gur bailiúchán de cháithníní an-bheag iad roinnt solad is féidir a dhoirteadh agus a ghlacann cruth an ghabhdáin ina bhfuil siad.
  • Iniúchadh a dhéanamh ar airíonna solad.

Scileanna taighde:

  • Tuartha, breathnuithe agus comparáidí a dhéanamh.
  • Scileanna breathnóireachta a úsáid chun dhá ábhar a chur i gcomparáid lena chéile.

Breathnaigh ar an bhfíseán

Léirítear san fhíseán thíos an chaoi le tabhairt faoin taispeántas ar bhriseadh na mbrioscaí.

An t‑ábhar tacaíochta a íoslódáil

Socraigh agus reáchtáil an t‑iniúchadh le do rang, bunaithe ar na nótaí don mhúinteoir agus na sleamhnáin don seomra ranga, ina dtugtar liosta trealaimh iomlán, an modh, na focail agus na sainmhínithe is tábhachtaí, ceisteanna do na foghlaimeoirí, ceisteanna coitianta, agus neart eile.

Nótaí don mhúinteoir

PDF | Cáipéis Word ineagarthóireachta

Sleamhnáin don seomra ranga

PDF | Cáipéis PowerPoint ineagarthóireachta

ÍOSLÓDÁIL GACH RUD

Céard a chaithfidh a bheith ar eolas ag na foghlaimeoirí ar dtús?

Chabhródh sé dá mbeadh taithí ag na foghlaimeoirí ar airíonna gnáth-ábhar a úsáideann siad ó lá go lá a fhiosrú, solaid agus leachtanna ina measc. Tá an ghníomhaíocht seo go maith chun tuiscint ar sholaid ghráinneacha a fhorbairt.

Liosta trealaimh

  • 2 bhriosca chaiscíneacha (ná déan dearmad ar riachtanais bhia na bhfoghlaimeoirí, m.sh. bia gan ghlútan, bia veigeánach)
  • 1 mhála páipéir agus téip pháipéir nó 1 mhála plaisteach inséalaithe
  • 1 chrann fuinte (nó is féidir na lámha a úsáid)
  • 2 ghabhdán doimhne, m.sh. potaí iógairt
  • 2 fhochupán, 2 mhias Petri nó 2 thráidire ó bhialann beir leat
  • 1 eascra beag/1 chrúiscín uisce
  • Gabhdáin dhifriúla a bhfuil cruthanna éagsúla orthu (ón mbosca athchúrsála)
  • 1 tábla torthaí
  • ROGHNACH: gloine mhéadaithe nó micreascóp
  • ROGHNACH: solaid phúdracha eile ar nós caife ar an toirt/caife meilte, siúcra, salainn, plúir (*ná déan dearmad ar ailléirgí bia).

Acmhainní breise