Bain triail as an iniúchadh simplí seo ina bhfiosraítear éifeachtaí an aerbhrú.

This resource is in Irish and is also available in English and Welsh

Dírítear sa turgnamh seo ar aerbhrú, agus cabhróidh sé le tuiscint na bhfoghlaimeoirí ar fhórsaí, domhantarraingt agus airíonna an aeir a fhorbairt. Breathnaigh ar an bhfíseán den taispeántas ar an mbraon anuas ón mbuidéal (‘Leaky Bottle’) thíos, agus ansin foghlaim faoin gcaoi a bhféadfadh do chuid foghlaimeoirí aerbhrú a fhiosrú iad féin le rialóirí agus nuachtáin.

Cuspóirí foghlama

  • Sainmhíniú simplí a fhorbairt ar bhrú i dtéarmaí fórsa.
  • Feasacht a fhorbairt ar an gcaoi a gcuireann an t-aer thart orainn brú ar na nithe a dteagmhaíonn sé leo.
  • Léirthuiscint a bheith ag na foghlaimeoirí, trí thurgnaimh phraiticiúla, don chaoi nach n-airítear aerbhrú go minic, ach go bhféadtar a ghníomhartha a fheiceáil agus a mhíniú.

Breathnaigh ar an bhfíseán

Léirítear san fhíseán thíos an chaoi le tabhairt faoin taispeántas ar an mbraon anuas ón mbuidéal.

Source: Royal Society of Chemistry

Investigate gases and atmospheric pressure with the Leaky Bottle experiment.

An t‑ábhar tacaíochta a íoslódáil

Socraigh agus reáchtáil an t‑iniúchadh le do rang, bunaithe ar na nótaí don mhúinteoir agus na sleamhnáin don seomra ranga, ina dtugtar liosta trealaimh iomlán, an modh, na focail agus na sainmhínithe is tábhachtaí, ceisteanna do na foghlaimeoirí, ceisteanna coitianta, agus neart eile.

Nótaí don mhúinteoir

PDF | Cáipéis Word ineagarthóireachta

Sleamhnáin don seomra ranga

PDF | Cáipéis PowerPoint ineagarthóireachta

ÍOSLÓDÁIL GACH RUD

Céard a chaithfidh a bheith ar eolas ag na foghlaimeoirí ar dtús?

Ba cheart go mbeadh a fhios ag na foghlaimeoirí cheana féin gurb é an fórsa an brú nó an tarraingt agus gurb é an t-achar an spás a chlúdaíonn cruth cothrom nó dromchla ní.

Liosta trealaimh

Taispeántas ar an mbraon anuas ón mbuidéal (nó in aghaidh an ghrúpa más fearr leat):

  • Buidéal uisce plaisteach a bhfuil scriúchlaibín air
  • Biorán mapa / sáite
  • Tráidire plaisteach ar fhaitíos go ndoirtfí aon uisce
  • Uisce le cur sa bhuidéal

An Príomh-iniúchadh (teastóidh siad seo ó gach grúpa):

  • Rialóir 30 cm
  • Dhá bhileog nuachtáin atá díreach mar an gcéanna
  • Barr boird glan a bhfuil imeall díreach air

Acmhainní breise