Bain triail as an iniúchadh seo chun na foghlaimeoirí a chur ag déanamh tuartha agus ag breathnú ar an gcaoi a n‑athraíonn ábhair nuair a reonn siad.

This resource is in Irish and is also available in English and Welsh

Dírítear sa turgnamh seo ar leachtanna difriúla a reo. Breathnaigh ar dtús ar an bhfíseán faoin oighear fíorspéisiúil (‘Intriguing ice’), ansin foghlaim faoin gcaoi le do chuid foghlaimeoirí a chur ag reo leachtanna difriúla agus ag smaoineamh faoi airíonna solad agus leachtanna.

Cuspóirí foghlama

  • Cur síos a dhéanamh ar airíonna solad, leachtanna agus gás.
  • A thuiscint go n-athraíonn staid ábhar nuair a fhuaraítear iad.

Scileanna taighde:

  • Cleachtadh a dhéanamh tuartha a dhéanamh, breathnú ar athruithe agus iad a thaifeadadh de réir mar a tharlaíonn siad le himeacht aimsire, agus torthaí a léirmhíniú agus a chur in iúl.

Breathnaigh ar an bhfíseán

Léirítear san fhíseán taispeántais thíos an chaoi le tabhairt faoin taispeántas faoin ‘oighear fíorspéisiúil’.

Source: Royal Society of Chemistry

Freeze different liquids to demonstrate the effects with your primary students.

An t‑ábhar tacaíochta a íoslódáil

Socraigh agus reáchtáil an t‑iniúchadh le do rang, bunaithe ar na nótaí don mhúinteoir agus na sleamhnáin don seomra ranga, ina dtugtar liosta trealaimh iomlán, an modh, na focail agus na sainmhínithe is tábhachtaí, ceisteanna do na foghlaimeoirí, ceisteanna coitianta, agus neart eile.

Nótaí don mhúinteoir

PDF | Cáipéis Word ineagarthóireachta

Sleamhnáin don seomra ranga

PDF | Cáipéis PowerPoint ineagarthóireachta

ÍOSLÓDÁIL GACH RUD

Céard a chaithfidh a bheith ar eolas ag na foghlaimeoirí ar dtús?

Ba cheart go mbeadh na foghlaimeoirí in ann ábhair a chur i gcomparáid lena chéile agus a chur i ngrúpaí le chéile, bunaithe ar sholaid, leachtanna nó gáis.

Liosta trealaimh

  • Fáil ar reoiteoir
  • Eascraí plaisteacha
  • Spúnóga
  • Uisce
  • Salann
  • Siúcra
  • Dathúchán bia
  • Deoch shúilíneach
  • Leachtanna éagsúla is féidir leis na foghlaimeoirí a úsáid agus a reo, m.sh. seampú, fínéagar, ola chócaireachta, sú torthaí agus mil

Fáil ar reoiteoir – bíodh sin sa seomra foirne, i gcistin na scoile nó sa bhaile. Tabhair faoi deara nach bhfuil aon bhaol sláinte i gceist toisc nach bhfuil aon cheann de na leachtanna a reofar mí-oiriúnach mar bhia don duine.

Acmhainní breise