Bain triail as an iniúchadh seo chun cabhrú leis na foghlaimeoirí comparáid a dhéanamh idir airíonna leachtanna difriúla agus cleachtadh a dhéanamh ar thástáil chothrom a shocrú

This resource is in Irish and is also available in English and Welsh

Dírítear sa turgnamh seo ar shlaodacht leachtanna difriúla. Breathnaigh ar dtús ar an bhfíseán faoi rás na leachtanna (‘Racing Liquids’), ansin foghlaim faoin gcaoi a bhféadfadh do chuid foghlaimeoirí leachtanna difriúla a chur ag rásaíocht agus iad a chur in ord slaodachta.

Cuspóirí foghlama

  • A thuiscint gur tomhas í an tslaodacht ar fhriotaíocht leachta in aghaidh sreabhadh.
  • An tslaodacht a aithint mar airí áisiúil leachta.
  • A thuiscint gur féidir leachtanna a chur in ord a slaodachta.

Scileanna taighde:

  • A bheith in ann tástáil chomparáideach a ullmhú chun an chaoi a sreabhann cineálacha difriúla leachta ag luasanna difriúla a mheas.
  • A aithint go mbíonn athróga ag tástáil chomparáideach/chothrom is féidir a athrú agus a rialú.
  • Breathnuithe a thaifeadadh agus míniú a thabhairt ar an méid a aimsíodh.

Breathnaigh ar an bhfíseán

Léirítear san fhíseán thíos an chaoi le tabhairt faoin taispeántas ar rás na leachtanna.

Source: Royal Society of Chemistry

'Race' liquids to investigate their viscosity with primary students.

An t‑ábhar tacaíochta a íoslódáil

Socraigh agus reáchtáil an t‑iniúchadh le do rang, bunaithe ar na nótaí don mhúinteoir agus na sleamhnáin don seomra ranga, ina dtugtar liosta trealaimh iomlán, an modh, na focail agus na sainmhínithe is tábhachtaí, ceisteanna do na foghlaimeoirí, ceisteanna coitianta, agus neart eile.

Nótaí don mhúinteoir

PDF | Cáipéis Word ineagarthóireachta

Sleamhnáin don seomra ranga

PDF | Cáipéis PowerPoint ineagarthóireachta

ÍOSLÓDÁIL GACH RUD

Céard a chaithfidh a bheith ar eolas ag na foghlaimeoirí ar dtús?

Ba cheart go mbeadh a fhios ag na foghlaimeoirí gur féidir le fórsa (brú nó tarraingt) ar ní a chruth nó a ghluaiseacht a athrú.

Ba cheart go dtuigfidís go dtarlaíonn frithchuimilt nuair a chuimlíonn ábhair in aghaidh a chéile chun cur i gcoinne gluaiseachta.

Ba cheart go mbeadh cur amach ag na foghlaimeoirí ar thástáil chomparáideach nó chothrom. Ba cheart do mbeidís feasach ar a bhféadfaí a athrú (na ‘hathróga’) agus an ndéanfadh sé sin difríocht don toradh.

Ba cheart go dtuigfidís má athraítear athróg amháin (an athróg neamhspleách) go bhféadfaí tionchar a imirt ar athróg eile (an athróg spleách).

Liosta trealaimh

Leachtanna difriúla ón mbaile. Ba cheart go mbeadh an dath céanna orthu más féidir (m.sh. buí). Ba cheart 100–150 ml (thar ar ¼ de chupán beag) de gach leacht a chur i gcupáin phlaisteacha roimh an iniúchadh seo. 

Mar shampla:

  • Síoróip/triacla
  • Leacht gallúnaí
  • Fínéagar
  • Citseap trátaí
  • Anlann donn/anlainn eile
  • Feabhsaitheoir gruaige
  • Uisce (d’fhéadfaí dath a chur air seo le go mbeadh sé níos cosúla leis na leachtanna eile)
  • Seampú
  • Ola chócaireachta
  • Súlach
  • Cócó

Cupáin phlaisteacha thrédhearcacha. Téipeáil iad seo dá chéile agus bíodh méid tomhaiste leachta sa chupán in íochtar. Cinntigh go bhfuil siad séalaithe go maith agus nach féidir leis an leacht teacht amach astu.

Acmhainní breise