Bain triail as an iniúchadh seo chun na foghlaimeoirí a chur ag smaoineamh faoi imoibriú do‑aisiompaithe a tháirgeann gás

This resource is in Irish and is also available in English and Welsh

Dírítear sa turgnamh seo ar imoibriú fínéagair agus décharbónáite sóidiam chun an gás dé‑ocsaíd charbóin a tháirgeadh. Breathnaigh ar dtús ar an bhfíseán ina dtaispeántar an lámh aisteach (‘Freaky Hand’), ansin foghlaim faoin gcaoi le tabhairt faoi mar iniúchadh chun imoibrithe do‑aisiompaithe a fhiosrú.

Cuspóirí foghlama

  • Cur síos a dhéanamh ar an difríocht idir athrú in-aisiompaithe agus athrú do-aisiompaithe.
  •  A mhíniú go gcruthaítear ábhair nua mar gheall ar roinnt ábhair a mheascadh (sa chás seo, tá dé-ocsaíd charbóin ar cheann de na hábhair nua) agus nach mbíonn an cineál sin athraithe in-aisiompaithe.
  • A thuiscint go bhforbraíonn (méadaíonn) gáis chun a ngabhdán a líonadh.

Scileanna taighde:

  • A bheith in ann torthaí a úsáid chun tuartha a dhéanamh chun tástálacha comparáideacha agus cothroma eile a ullmhú.

Breathnaigh ar an bhfíseán

Léirítear san fhíseán taispeántais thíos an chaoi le tabhairt faoin turgnamh faoin lámh aisteach.

Source: Royal Society of Chemistry

Make a freaky inflatable hand to demonstrate irreversible reactions to primary students.

An t‑ábhar tacaíochta a íoslódáil

Socraigh agus reáchtáil an t‑iniúchadh le do rang, bunaithe ar na nótaí don mhúinteoir agus na sleamhnáin don seomra ranga, ina dtugtar liosta trealaimh iomlán, an modh, na focail agus na sainmhínithe is tábhachtaí, ceisteanna do na foghlaimeoirí, ceisteanna coitianta, agus neart eile.

Nótaí don mhúinteoir

PDF | Cáipéis Word ineagarthóireachta

Sleamhnáin don seomra ranga

PDF | Cáipéis PowerPoint ineagarthóireachta

ÍOSLÓDÁIL GACH RUD

Céard a chaithfidh a bheith ar eolas ag na foghlaimeoirí ar dtús?

Caithfidh na foghlaimeoirí tuiscint a bheith acu ar airíonna solad, leachtanna agus gás agus ar an gcaoi a ngníomhaíonn a móilíní i ngach staid.

Ní mór go mbeadh iniúchadh déanta ag na foghlaimeoirí freisin ar athruithe in-aisiompaithe agus go mbeidís in ann samplaí a thabhairt dá leithéid.

Liosta trealaimh

  • Lámhainní laitéise soshínte aon uaire (ná húsáidtear lámhainní níocháin) *ailléirgí
  • Décharbónáit sóidiam
  • Fínéagar
  • Taespúnóg
  • Crúsca suibhe, cupán nó eascra beag (ba cheart go mbeadh an scóig sách leathan le séala teann a chruthú leis na lámhainní)

Acmhainní breise